An Cheardlann

Fáilte go Ceardlann McNally Guitars Amharc taobh istigh

Tugann Ciarán camchuairt agus míníonn sé cuid den phróiseas agus den dóigh a ndéantar giotár de chuid McNally.

Míníonn Ciarán na buntáistí a bhaineann le teicneolaíocht CNC agus giotáir de chuid McNally á ndéanamh.

“ Tá mé níos mó ná sásta mo mhodhanna a mhíniú do mo chustaiméirí mar tá mé bródúil as gach modh a úsáidim, agus tá mé diongbháilte go léireoidh McNally Guitars go bhfuil muid macánta agus cairdiúil.

Aon phrionsabal simplí amháin a thiomáineann an cinneadh a dhéanaim modhanna na teicneolaíochtaí áirithe a úsáid nó gan iad a úsáid….. An gcuideodh sé liom giotár is fearr a dhéanamh? Nuair is fearr CNC agus innill léasair, úsáidim iad agus nuair nach mbíonn sárú ar shiséal géar agus lámh dhaingean, sin an rud a úsáidim.”


Míníonn Ciarán an fáth a ndéanann sé a chuid spraeála féin in áit iarraidh ar chomhlacht eile é a dhéanamh, agus an fáth a bhfuil seo tábhachtach dó agus McNally Guitar á dhéanamh aige.

Gailearaí na Ceardlainne

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil le Ciaran

Scroll to Top