Scéal

Cuir aithne ar Ciarán.

Is toradh cuid giotár Chiaráin ar 13 bliana d’forbairt agus é d’aidhm aige stíleanna déanta giotár Mheiriceá agus na hÉireann, a raibh oiliúint aige orthu, a thabhairt le chéile.

Achoimre ar thaithí

• An chéad ghiotár déanta ar thábla an tí gan é ach 16 bliana.
• Cúrsaí in Lagan Lutherie School, Béal Feirste; (cúrsa tráthnóna, dianchúrsa, agus cúrsa printíseach)
• Dioplóma in Uirlisí Ceoil ó London Met (Coláiste an Troscáin) (Coláiste an Troscáin)
• George Lowden Guitars, Tuaisceart Éireann – Ceardaí sinsearach
• Atkin Guitars – Sasain – bainisteoir táirgthe

“Is é an sprioc atá agam giotáir inspioráideacha a dhéanamh.”

Ó Chiarán…

“Glacaim an chroíúlacht agus an chastacht ó na ghiotáir Cheilteacha, agus cuirim sin le cuid de ghléine agus de bhunbhuanna na ngiotár Meiriceánach. Toradh is ilfheidhmí a bhíonn ann.

Úsáidim idir theicnící traidisiúnta agus theicnící nua-aimseartha, idir uirlisí láimhe agus innealra. Ba mhian liom a bheith trédhearcach faoin dóigh a ndéanaim mo chuid giotár, agus ligim don chustaiméir a b(h)arúil féin a dhéanamh. Tá súil agam níos mó ábhar físe a thabhairt, chugaibh, diaidh ar ndiaidh, ina léireofar na modhanna déanta. Déan teagmháil, le do thoil, má bhíonn ceist ar bith agat.

Bainim sult as a bheith ag obair le giotaraithe ó achan seánra agus ar gach leibhéal cumais chun giotáir shaincheaptha a chruthú a bheas ag teacht lena gcuid riactanas.

Ligeann struchtúr mo phraghasanna dom ceangal le ceoltóirí atá ag cuardach uirlise atá ar fónamh, ach chomh maith leis seo, le díograiseoirí a bhíonn ag iarraidh rud éigin a shaincheapadh dóibh féin.

Is é an chuid is fearr d’obair an déantóra giotár ná mo chuid giotár féin a fheiceáil á n-úsáid chun cruthaitheachta.

Scroll to Top