Guitar #200 & New Rosette Option

Cuireann sé gliondar ar mo chroí a bheith ábalta rogha róiséad thorc na gCeilteach a thabhairt isteach, mar a fheictear anseo don chéad uair ar ghiotar Mhic an Fhailí, uimhir #200.   

Tugadh inspioráid dom ó mhuincí miotalacha a chaitheadh na Seancheiltigh ar fud na hÉireann, na hAlban agus na hEorpa.

Leis an ghiotar chinniúnach seo, leantar an seantéama le dair phortaigh ar an chúl agus ar na taobhanna, agus seansprús Sitka mar fhuaimchlár.

Tá dearadh an toirc á chaitheamh ag ” An Siúinéir Ceilteach” – sonóg úr ghiotair Mhic an Fhailí.   

Tá réimse úr earraí anois ar fáil ar a bhfuil An Siúinéir Ceilteach agus an Torc”

Scroll to Top